Brat Ómra Amber Flag
Brat Ómra
Cuireann Scoil Náisiúnta Cillín Liath an-bhéim ar an tsláinte intinne. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go háirithe sa lá atá inniu ann. Le blianta beaga anuas, d’eirigh linn an Brat Ómra a bhaint amach anseo i gCillín Liath. Díríonn an Brat Ómra ar chineáltas, ar thuiscint agus ar dhea-fholláine. Tugann an Brat Ómra deis dosna daltaí comhrá a thosnú faoin tsláinte intinne agus foghlamaíonn siad conas is féidir tacú leis an tsláinte intinne go laethúil.
Anuraidh, d’eagraigh an coiste Ómra “Lá Inside Out”. Bhí ar na daltaí gléasadh suas mar mhothúchán éigin ón scannán Inside Out agus cur síos a dhéanamh ar an mothúchán áirithe a roghnaigh siad ” - fearg, áthas, brón, éad, déistin, eagla, náire, tuirse agus imní. Bhí an lá an-rathúil agus bhain na daltaí an-taitneamh as. Tá súil againn go mbainfidh Scoi Náisiúnta Cillín Liath an Brat Ómra amach arís i mbliana.
Amber Flag
Cillín Liath National School places a strong emphasis on mental health. It cannot be denied that this is extremely important, especially nowadays. In recent years, we have achieved the Amber Flag here in Cillín Liath. The Amber Flag focuses on kindness, understanding, and well-being. The Amber Flag gives pupils the opportunity to start conversations about mental health and they learn how mental health can be supported on a daily basis.
Last year, the Amber Committee organised “Inside Out Day.” Pupils had to dress up as a particular emotion from the film Inside Out and describe the emotion they had chosen – anger, joy, sadness, envy, disgust, fear, shame, tiredness, and anxiety. The day was very successful, and the pupils really enjoyed it. We hope that Cillín Liath N.S. will achieve the Amber Flag again this year.
