Garraíodóireacht Gardening
Tá bród orainn i Scoil Náisiúnta Cillín Liath as ár ngairdín scoile álainn. Oibríonn na páistí le chéile chun glasraí éagsúla a chur agus a thabhairt chun fáis. Sna leaba ardaithe, cuirimid prátaí agus oinniúin agus tugann ár bpola-thollán deis dúinn séasúr an fháis a leathnú agus triail a bhaint as barraí eile.
Is seomra ranga praiticiúil é an gairdín scoile, áit a bhfoghlaimíonn na daltaí go ghníomhach. Feiceann siad conas a fhásann bia, an cúram a theastaíonn ó phlandaí agus an tábhacht a bhaineann leis an gcomhshaol inár saol laethúil.
Buntáistí an Ghairdín do Pháistí Bunscoile
-
🌱 Nósanna Bia Sláintiúla – tá seans níos fearr ann go mblaisfidh páistí na glasraí a d’fhás siad féin.
-
🌱 Feasacht Comhshaoil – cabhraíonn an garraíodóireacht le páistí tuiscint a fháil ar thimthriallta an dúlra agus inbhuanaitheacht.
-
🌱 Scileanna Saoil Praiticiúla – freagracht agus obair foirne trí chur, uisciú, fiailí a bhaint agus fómhar.
-
🌱 Folláine – cuireann obair amuigh faoin aer le suaimhneas, foighne agus bród as an méid a bhaineann siad amach.
-
🌱 Naisc leis an gCuraclam – nascann an gairdín le hEolaíocht, Tíreolaíocht, OSPS, Mata agus fiú Ealaín, rud a thugann beocht don fhoghlaim sa seomra ranga.
Fásann agus bláthaíonn ár ngairdín gach bliain, buíochas le hobair na bpáistí, na múinteoirí agus phobal na scoile ar fad. Is spás é a thagann foghlaim, nádúr agus taitneamh le chéile ann.
We are very proud of our school garden in Scoil Náisiúnta Cillín Liath. Our pupils work together to plant and care for a variety of crops. In our raised beds, we grow traditional staples such as potatoes and onions, while our polytunnel gives us the opportunity to extend our growing season and experiment with other fruit and vegetables.
The school garden is a hands-on classroom where children learn by doing. They see for themselves how food grows, the care that plants need and the importance of the environment in our daily lives.
Benefits of Gardening for Primary School Children
-
🌱 Healthy Eating Habits – children are more likely to try vegetables they have grown themselves.
-
🌱 Environmental Awareness – gardening helps pupils to understand the cycles of nature and the importance of sustainability.
-
🌱 Practical Life Skills – sowing, watering, weeding and harvesting all build responsibility and teamwork.
-
🌱 Wellbeing – working outdoors with nature encourages calmness, patience and pride in achievement.
-
🌱 Curriculum Links – the garden ties in with Science, Geography, SPHE, Maths and even Art, bringing classroom learning to life.
Our garden continues to grow and flourish each year, thanks to the hard work of our pupils, staff and wider school community. It is a space where learning, nature and enjoyment come together.
