Scoil Náisiúnta Cillín Liath, Killeenleagh, Co. Kerry

Fáiltiú an Phríomhoide Principals Welcome

Tá Scoil Náisiúnta Chillín Liath suite ar bhruach abhainn na hUíne i gcroílár Ghaeltacht na Dromoda i nDeisceart Chiarraí. Tá an t-ádh linn a bheith ag obair agus ag foghlaim i gceantar atá saibhir i dtraidisiún, cultúr agus teanga.

Scoil Náisiúnta Cillín Liath is beautifully located on the banks of the River Inny in the heart of the Dromid Gaeltacht in South Kerry. We are privileged to teach and learn in a community that is rich in tradition, culture and language.

 

Fís & Ráisteas Misiún Vision & Mission Statement

Sé príomhchuspóir na scoile ná gach uile aicme den phobal a thabhairt le chéile i gcomhthionól foghlama – idir dhaltaí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus an Bórd Bainistíochta. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh an scoil ina háit shona, shlán agus shocair, áit ina bhfásfaidh gach páiste i muinín agus i bhféinmheas agus áit a mbeidh cothrom na féinne ann do chách.

Cothaímid forbairt iomlán an pháiste go spioradálta, go hintleachtúil, go sóisialta agus go fisiciúil. Táimid dílis dár n-éiteas Gaeltachta, ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga nádúrtha chumarsáide agus ag spreagadh bróid inár n-oidhreacht, ár gceantar agus ár gcultúr dúchasach.

Táimid tiomanta do mheabhairshláinte agus folláine na bpáistí, do chur chun cinn cruthaitheachta agus smaointeoireachta criticiúla agus do scileanna nua-aimseartha amhail litearthacht dhigiteach agus feasacht chomhshaoil. Tugaimid luach ar ghuth na ndaltaí agus tugaimid deiseanna dóibh a bheith páirteach i saol agus i gcinntí na scoile.

Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag obair i gcomhpháirt leis na tuismitheoirí, leis an bpobal áitiúil agus leis an bparóiste, ag cothú atmaisféar a thacaíonn le fás iomlánaíoch gach linbh.

The primary purpose of our school is to bring together all members of our community in a shared learning environment pupils, parents, teachers and the Board of Management. We aim for the school to be a happy, safe and calm place where every child grows in confidence and self-respect and where fairness is at the heart of everything we do.

We are committed to the full development of every child spiritual, intellectual, social and physical. As a Gaeltacht school, we promote Irish as the natural language of communication, and we nurture pride in our heritage, our locality and our cultural traditions.

We are dedicated to fostering pupils’ wellbeing and mental health, to encouraging creativity and critical thinking and to equipping them with modern skills such as digital literacy and environmental awareness. We value the voice of our pupils and provide opportunities for them to actively participate in the life and decisions of the school.

We recognise the importance of working in partnership with parents, the local community and the parish, creating an environment that supports the holistic growth of every child.

Latest News

Instagram

Instagram posts from @scoil_naisiunta_cillin_liath
Leanaí Scoil Náisúnta Cillín Liath ar An Saol ó Dheas fé láthair!! #ceol #carúil
Tá na drámaí ag teacht le chéile leis an aisteoireacht, na hamhráin, na culaith, rince agus ceol. Tá sceitimíní an domhain ar na daltaí ‘An gréasaí agus na Síoga’ agus ‘Mary Poppins’ a roinnt libh!! Our dramas are coming together nicely with the acting, songs, costumes, music and dancing. The children are very excited to share ‘the Elves and the Shoe Maker’ and ‘Mary Poppins’ with you!! Bígí Linn!!
Bígí Linn! 🎄
Oíche Shamhna 2025🎃
Tá áthas orainn suíomh nua gréasáin Scoil Náisiúnta Cillín Liath a sheoladh inniu! We’re delighted to launch the brand new Scoil Náisiúnta Cillín Liath website! 🎉 Taispeánann an suíomh nua seo croí ár bpobail scoile áit a dtagann foghlaim, teanga agus oidhreacht áitiúil le chéile.💚 This new site captures the heart of our school community where learning, language and local heritage come together. 💚www.cillinliath.ie
Bhí cuairteoir an-speisialta againn ar scoil ar maidin-an corn Sam Maguire. Ár mbuíochas lenár n-iar dhalta Graham Ó Súilleabháin agus filleadh ar ais leis an gcorn!!Comhghairdeas arís leat Graham!! 🏆 ⚽️ #kerrygaa
Alán duaiseanna le buachaint ar an oíche!! Bígí linn!!
Rásaíocht Tras Tíre ar thrá Baile an Sceilg 2025!! 🏃‍♀️ 🌊
Céad Lá ar scoil 2025 📚 Céad Míle Fáilte roimh ár Naíonáin Bheaga!! 🤗
Bígí Linn!!
Graduation Song 🎶🎼🎹
Comhgháirdeas le Rang 6!! Go n-éirí libh sa mheánscoil!! #graduation 👩‍🎓 👨‍🎓

Latest Photographs

 

Upcoming Events...

No Events