Naí Shóis- Rang 1 - Turas Scoile
Chuaigh na Naíonáin agus Rang 1 go dtí Kells Gardens ar an 24ú Meitheamh 2016 agus bhí lá dochreidte acu! A child commented that it was the best day in school ever!! Seo dhaoibh cúpla griangraif den lá. Go raibh maith agaibh Ms Daly agus Ms Dillon.
Oscailt Oifigiúil dár nGáirdín na Scoile
Official Opening of our School Garden
Bishop Raymond Browne officially opened and blessed our garden on the 19th June after the 25 year celebration mass of Our Lady of the Valley Church. A big thank you to Mike, Brendan and SKDP who created it for us.
An Blitz Sacair
Bhíomar ag imirt sa bhlitz sacair ar an 3ú Meitheamh 2016 san astrofurf in Over the Water. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn agus bhí an lá againn.
An Blitz Cispheil
Bhí Blitz Cispheile, eagraithe ag John Teahan, againn Dé hAoine an 29ú Aibreán 2016 i gColáiste na Sceilge. Bhaineamar an taitneamh as.
Turas go dtí Banna Strand chun Sir Roger Casement a chéiliúradh
Na Mini Seven's
Seo cúpla griangraif den chomórtas Mini Seven's i gCathair Saibhín ar an 7ú Aibreán 2016.
An Chéad Aithrí i gCillín Liath - 25ú Feabhra 2016
Bhí an Chéad Aithrí ag na páistí i Rang a Dó ar an gCéadaoin deireanach i Mí Feabhra. Chabhraigh An Athair Ó Fionnmhacáin go mór linn chun na páistí a ullmhú don Sacraimint Naofa seo. Bhí dráma An t-Aoire Maith ag na páistí agus dhein siad an jab leis na dualgaisí a bhí acu a dhéanamh. Maith sibh Rang a Dó!
Bhí Rang a Trí, Ceathair, Cúig agus a Sé sa chór agus dhein siad an cheol chomh maith. Bhí siad dochreidte mar is gnáth!! Go raibh maith agaibh as an obair a dhein sibh chun ócáid speisialta a chéiliúradh le Rang a Dó.
Seachtain na Gaeilge - Tráth na gCeist le Scoil na Cora
Rang Ceoil le Peter - 25ú Feabhra 2016
Bhíomar ag ullmhú don chéiliúradh Éirí Amach na Cásca 1916. Thosaíomar ar an Druma!! Bhíomar ag cleachtadh máirseáil ar an gcuairt cispheile. Go raibh maith agat as do chabhair Peter!!
Ceachtanna Damhsa le Norita -17ú Feabhra 2016
Tá ceachtanna damhsa againn le Norita gach Céadaoin óna 12:45in go dtí 2:45in. Táimid ag foghlaim céimeanna difriúla agus ag baint taitneamh as. Seo daoibh cúpla griangraif. Tuilleadh griangraif ag teacht.
Cuairt ó Rita -17.02.'16
Tháinig Rita Bn.Uí Shúilleabhain chugainn ar an 17ú Feabhra 2016 chun caint linn faoin turas a thóg sí go dtí Chernobyl an bhliain seo caite. Thaispeáin sí griangraif dúinn chomh maith. Caithimid a rá go raibh sé an cumhachtach. Bhí lá saor againn ónár n-éide scoile agus bhailaíomar airgead ar son na páistí i Belarus.Go raibh maith agat Rita as do chuid ama!
Rang Ceol le Peter - Feabhra 2016
Seo dhaoibh na páistí ag cleachtadh a gcuid ceol le Peter maidin Dé Céadaoin 17.02.'16. Nach raibh siad go hiontach!!

Kelly, the Boy from Kinane and Moriarty | |
File Size: | 631 kb |
File Type: | m4a |
Ár Geansaithe Peile Nua
Go raibh maith agaibh Bun Chlub na Dromoda. Tá na páistí ar bís.
Lá na bPancóg - 9ú Feabhra 2016
D'ítheamar pancóga ar Lá na bPancóg le chéile don Sos. Bhí siad an-bhlasta!
8ú Feabhra 2016 - TG4 i gCillín Liath
Tháinig TG4 go dtí S.N. Cillín Liath ar an 8ú Feabhra 2016 chun féachaint ar an dea obair atá ag tarlú sa scoil agus i measc na tuismitheoirí chomh maith. Tá súil againn go bhfuil sibh ag baint taitneamh as an gcúrsa. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil d'Ionad Forbairt na Dromoda a thug an spás teolaí agus compordach dúinn.
Crois Naomh Bríd - 29ú Éanair 2016
Cuairt ó Óglaigh na hÉireann - Visit from the Defence Forces
Tháinig Óglaigh na hÉireann go Cillín Liath ar an 12ú Éanair 2016 chun Poblacht na hÉireann agus Brat na hÉireann a bhronnadh orainn. Tháinig na daltaí le chéile chun éisteacht leis na saighdúirí agus chuir siad ceisteanna iontach orthu ag a deireadh. Chanamar Amhrán na bhFiann chomh maith. Beimid ag árdú an Brat ar an 15ú Márta 2016 roimh ár g Céilí Glas.
Cócaireacht le Ms Dillon - Rang 5
Traenáil Peile le Mike, Mickey, Seán agus Jenny
Tá an t-adh linn go bhfuil Tuismitheoirí ag cabhrú linn chun ár foireann peile a thraenáil. Bíonn sibh ag obair go dian gach Aoine agus táimid fíor bhuíoch díbh.
8ú Mí na Nollag 2015 - Rang 4 ag cócaireacht le Ms.Dillon agus Ms. Corkery
Bhí tráthnóna iontach ag Rang a 4 ar an Mháirt nuair a dhein siad cócaireacht le Ms. Dillon agug Ms. Corkery. Dhein siad curaí sícín agus rollóg ispín. Bhí siad an-bhlasta. Táim ag ceapadh go bhfuil cúpla cócaire nádúrtha inár measc!
4ú Mí na Nollag - Ag Ardú ár mBrat Gníomhach
Bhí lá álainn againn ar an Aoine, 4ú Mí na Nollag nuair a d'árdaigh Graham Ó Súilleabháin, iarscoláire agus imreoir leis an foireann Chiarraí a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann i Mí Meán Fomhair seo caite, ár gcéad brat gníomhach. Bhí na páistí ar bís agus d'imir Graham sacair leis na páistí i rith an sos. Ní dhéanfaimid dearmad ar an lá sin deo.
Mí na Nollag 2015 -Ár gCéad Brat Gníomhach

Fuaireamar ár gcéad Brat Gníomhach ag deireadh Mí na Samhna 2015. D'oibrigh gach páiste go dian dícheallach chun cabhrú leis an scoil an brat speisialta a fháil. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil do Ms Corkery a bhí i bhfeighil an tionscnamh. Ba mhaith linn buíochas a thabhairt do na páistí atá sa chéad bhliain i gColáiste na Sceilge a bhí i rang a 6 nuair a thosaíomar ar an scéim. Bhí sibhse páirteach sa phróiséas chomh maith. Beidh céiliúradh againn go luath.
Samhain 2015 - Turas Eolaíochta
Turas Eolaíochta /Science Trip
Ar an 19ú Samhain, chuamar go dtí an leabharlann i gCathair Saidhbhín chun ceacht eolaíocht sa leictreachas a dhéanamh. Dheineamar bataire le sú liomóide, cóc, fínéagar, páipéar agus fáiscín páipéar. Bhí sé dochreidte!
On the 19th of November, we went on a trip to Caherciveen library for a science lesson – Bright Sparks – The Story of electricity. We made a battery in the style of Alessandro Volta with lemon juice, coca-cola, vinegar, kitchen paper, coins and paper clips. It was hands-on where all children were active in the project.
Ar an 19ú Samhain, chuamar go dtí an leabharlann i gCathair Saidhbhín chun ceacht eolaíocht sa leictreachas a dhéanamh. Dheineamar bataire le sú liomóide, cóc, fínéagar, páipéar agus fáiscín páipéar. Bhí sé dochreidte!
On the 19th of November, we went on a trip to Caherciveen library for a science lesson – Bright Sparks – The Story of electricity. We made a battery in the style of Alessandro Volta with lemon juice, coca-cola, vinegar, kitchen paper, coins and paper clips. It was hands-on where all children were active in the project.
Samhain 2015 - Land PAWS (Primary Aquatic Water Safety)
Tháinig Sarah Louise chugainn chun sábháilteacht uisce a mhúineadh. Dhein sí CPR dúinn chomh maith.
Sarah Louise came to our school to teach us about water safety. She taught us CPR freisin
Sarah Louise came to our school to teach us about water safety. She taught us CPR freisin